Nils-Olof Franzén

1916 - 1997

Ba as Oxelösund, sa tSualainn, do Nils-Olof Franzén. Bhí sé an-tugtha don úrscéal bleachtaireachta. Ina Cheannasaí ar Raidió na Sualainne a bhí sé ón mbliain 1956 go dtí an bhliain 1973. Caitheamh aimsire aige ba ea scéalta bleachtaireachta don aos óg a chumadh. Bleachtaire nach bhfuil aon easpa féinmhuiníne ag baint leis is ea Agatán Sacs.

Faoi cheilt san ainm sin, Agatán, tá Agatha, ar ndóigh, mar bhí an-mheas ag an Sualannach ar leabhair Agatha Christie. Bhí broc-chú ag muintir Franzén darbh ainm Ticí agus faightear sna leabhair é mar pheata an bhleachtaire féin. Chomh maith leis sin, bhí scata aintíní fuinniúla údarásacha ag muintir Franzén agus faighimid duine acu sna leabhair bhleachtaireachta i bpearsa Aint Máire Treasa atá go maith in ann an fód a sheasamh.

 

 Nuair a thugadh sé an broc-chú amach ag siúl, is ansin a chíoradh sé plotaí na leabhar bleachtaireachta ina aigne. Ba nós leis éirí go luath sula mbeadh an chuid eile acu ina suí agus luí isteach ar na heachtraí. Chloiseadh an chlann é agus é ag gáire dó féin faoi na nithe áiféiseacha a bhí ag titim amach ar an leathanach os a chomhair.

 

Chum sé scata úrscéalta staire agus ábhar eile don aos óg. Chuir sé spéis i gceol agus i dteangacha. Fear mór rothaíochta ba ea é. Thaitin sé leis ceoldrámaí puipéadóireachta a léiriú don teaghlach, go háirithe ceoldrámaí de chuid Mozart. Bhí áit speisialta ina chroí ag an 11 leabhar Agatán Sacs, leabhair a thaitneodh go mór le glúin i ndiaidh glúine de léitheoirí óga ag baile agus i gcéin.