Nua 2026

Na Trodaoirí: Na hÓgánaigh

Tá misean tábhachtach i ndán do Mholl agus a cairde. Sa phictiúrleabhar seo, réamhscéal don tsraith úrscéalta grafacha Na Trodaoirí, tugann Moll agus Liam aghaidh ar a n-eagla chun bheith ina mbaill d'Ord Na dTrodaoirí, cosantóirí a sráidbhailte agus a mbeostoic. 

An important mission awaits Moll and her friends. In this picture book prequel to the successful Na Trodaoirí graphic novel series, Moll and Liam face their fears to become full members of the Order of Na Trodaoirí, brave protectors of their village and livestock. 

PDF

Lúcás Lúfar: Mamaí Daltún

Is carachtar ceart í Mamaí Daltún agus tá Lúcás Lúfar féin an-cheanúil uirthi. Ach tá a clann mhac, na Deartháireacha Daltún, sa bhaile mór arís i ndiaidh dóibh éalú ón bpríosún. Caithfidh Lúcás dul i ngleic le seanmháthair a bhfuil grá don ghunna aici.

Mamaí Daltún is a loveable local celebrity, even Lúcás Lúfar is fond of her.  But her naughty boys, the Daltún Brothers, are locked up in jail. When they escape and return home, Lúcás Lúfar is faced with a dilemma, facing a reckless gun-toting granny.

PDF

Tintin An Loiteog Ghorm

Agus gach aon duine ina thimpeall á n-ionsaí le nimh na gealtachta, meallann teachtaireacht aisteach Tintin chun na Síne. De réir mar a fhiosraíonn sé polaitíocht chorrach na tíre sin, cuireann géarchéim idir an tSín agus an tSeapáin a shaol féin i mbaol, agus a chloigeann ar an mblocán gearrtha!

As all around him are struck with the poison of madness, a garbled message leads Tintin to China. As he delves deep into the turbulence of Chinese politics, a crisis between China and Japan puts his life in danger, and his head firmly on the block.

PDF

Asterix agus na Cruithnigh

Tugann Asterix agus Obelix aghaidh ar an gCaladóin chun cabhrú leis an bprionsa MacArónach a bheith ina Ard-Rí ar na Cruithnigh. Ach tá an jab sin ag teastáil ó MacAnbán a bhfuil plean aige neamspleáchas na tíre a dhíol leis na Rómhánaigh. An éireoidh leis an bhfealltóir nó an mbeidh an lá ag ár gcairde?

Asterix and Obelix head for Caledonia to help prince MacArónach gain his rightful place as high-king of the Picts. But his rival MacAnbán wants the job himself, and has plans to sell Caledonia’s independence to the Romans. Will the traitor prevail, or will our friends help MacArónach save Caledonia’s freedom?

PDF