Skip to product information
1 of 1

Inis Ceo

Inis Ceo

Regular price £8.99 GBP
Regular price Sale price £8.99 GBP
Sale Ar fáil go luath / Coming soon
Taxes included.

Eiseofar i lár Mheán Fómhair

Scéal gleoite lán misnigh is croí é seo ó Tomi Ungerer. In Éirinn atá an scéal suite, áit a bhí an-ghar dá chroí. Deartháir agus deirfiúr iad Finn agus Cara a chónaíonn ar chósta na hÉireann, áit a mbíonn na caoirigh ag innilt ar na cnoic ghlasa, an ghaoth ag búiríl sa simléar, agus ceo liath ag éirí ón bhfarraige. Lá amháin, agus iad ag rámhaíocht sa chuan, titeann brat ceo go tobann agus scuabtar chun siúil iad go trá i bhfad i gcéin. Tagann Finn agus Cara i dtír ar Inis Ceo, áit nár fhill éinne abhaile uaidh riamh. Coinníonn siad a misneach, áfach, agus ní fada go gcastar tiarna mór an oileáin orthu. Is ansin a thagann siad ar rún dochreidte... 

Údar:  Tomi Ungerer 
Aistritheoir:  Meadhbh Ní Eadhra 
Le Foilsiú:  17/09/26 
Leagan amach: paperback; 220mm x 295mm; 48pp, full colour
Foilsithe le tacaíocht ó Chomhairle na nEalaíon
ISBN : 978-1-918665-01-7 
View full details