Na Trodaoirí: An Duibheagán
Na Trodaoirí: An Duibheagán
Regular price
£8.99 GBP
Regular price
Sale price
£8.99 GBP
Unit price
/
per
Tar éis aistir fhada trí thailte coimhthíocha, tá a gceann scríbe beagnach bainte amach ag an bhuíon nuair a thagann siad ar an duibheagán: scoilt ollmhór sna sléibhte idir iad ag Na Críocha Cráite. Nuair a tharlaíonn sciorradh talún gan choinne, scartar Moll, Liam agus Sorcha ón chuid eile den bhuíon. Níl le déanamh ag na páistí anois ach fanacht socair fad is atá a gcairde á cuardach ag muintir na háite.
Agus ní sin deireadh leis an aistear. Beidh ar Mholl agus Liam taisteal trí Na Críocha Cráite chun an ardchathair a bhaint amach. Is ann a bheidh siad ábalta tuairisc athair Mholl a chur, agus dúshlán a thabhairt don olc atá ag crá an tsráidbhaile.