Skip to product information
1 of 1

Bailiúchán Nicolás Beag

Bailiúchán Nicolás Beag

Regular price £14.00 GBP
Regular price Sale price £14.00 GBP
Sale Ar fáil go luath / Coming soon
Taxes included.

Faigh Bailiúchán Nicolás Beag — 3 theideal ar phraghas 2!

This is Chugainn Nioclás Beag, buachaill scoile atá lán d’fhuinneamh agus de dhiabhlaíocht a bhíonn i dtrioblóid de shíor — dá ainneoin go minic. Pé acu ar scoil nó sa bhaile é, bíonn sé ina liútar éatar nuair a bhíonn Nioclás agus a chairde le chéile. Ba é René Goscinny, údar iomráiteach Asterix, agus an maisitheoir leabhar Jean-Jacques Sempé, a thug brí agus beocht d’eachtraíocht Niocláis, eachtraíocht a chuaigh i gcion ar léitheoirí ar fud an domhain mhóir. Tá deis anois againn scéalta na heachtraíochta sin a léamh nó a athléamh inár dteanga féin.

 

Is é seo an dara cnuasach scéalta as Gaeilge ó Nioclás Beag. Níl ach cúis mhaith amháin le dul ar scoil — neart cairde a dhéanamh, ar ndóigh! Sin é an fáth gur breá le Nioclás s’againn dul ar scoil… agus is é am sosa an chuid is fearr den lá! Ach an le linn an tsosa nó le linn na ranganna is mó a bhíonn Nioclás agus a chairde ag spraoi? Is í sin an cheist a chuireann muintir na scoile orthu féin gach lá beo. Tá dalta a diongbhála faighte ag foireann na scoile i Nioclás Beag!

 

Nioclás Beag: Eachtraí Arís Eile is é seo an triú cnuasach scéalta as Gaeilge ó Nioclás Beag. Tá aithne mhaith againn ar Nioclás agus a chairde faoin am seo agus tá eachtraí an leabhair seo chomh greannmhar agus chomh háiféiseach is a bhí riamh; bídís ar scoil mar a dtagann dochtúirí nó lucht an raidió ar cuairt nó ar fud an bhaile agus iad ag campáil san fhásach, ag cur isteach ar fhear an tsiopa nua leabhar nó ag eagrú comórtas lúthchleasaíochta eatarthu féin! Is cosúil go bhfuil cara nua ag Nioclás — an cailín atá ina cónaí béal dorais; cad a cheapfaidh na buachaillí eile faoin gcara nua seo?

Le René Goscinny agus Jean-Jacques Sempé     Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin
Le foilsú 2019     3x138 leathanach, clúdach bog, 138mm x 216mm    
Arna fhoilsiú le cabhair ón gComhairle Ealaíon
© IMAV Éditions   petitnicolas.com
ISBN 978-1-906587-91-8
ISBN 978-1-906587-98-7
View full details