Páirc an Chrócaigh
Páirc an Chrócaigh
Ar an 21 Samhain 1920, bhí cluiche mór dúshláin idir Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath le himirt i bPáirc an Chrócaigh, ceanncheathrú na peile Gaelaí. Ar maidin an lae sin rinneadh sléacht ar ‘Bhuíon Cairo’ — grúpa oifigigh rúnda de chuid na Breataine a raibh sé d’aidhm acu gluaiseacht na saoirse in Éirinn a chloí. Ba iad ‘an Dáréag Aspal’ a mharaigh iad, brainse d’Óglaigh na hÉireann a bhí á stiúradh ag Micheál Ó Coileáin. Bhí na Dúchrónaigh cinnte de go mbeadh na hAspail i measc an tslua i bPáirc an Chrócaigh. Rinne baill den fhórsa póilíneachta mhíchlúiteach sin a mbealach go dtí an pháirc agus chrom láithreach ar dhaoine den lucht féachana agus den dá fhoireann a scaoileadh. ‘Domhach na Fola’ a thugtar ar an lá uafásach sin.
In 2007, b’éigean na cluichí baile a bhí le himirt ag Éirinn i gcomórtas rugbaí na Sé Náisiún a athlonnú. Den chéad uair riamh, mar sin, bhí rugbaí le himirt i bPáirc an Chrócaigh, cluiche i gcoinne Shasana san áireamh. Ach bhí alltacht ar an-chuid daoine agus iad ag smaoineamh ar God Save the Queen a bheith á gcanadh i bPáirc an Chrócaigh. Músclaíodh cuimhní pianmhara ar Dhomhnach na Fola 1920.
Is anseo, i bPáirc an Chrócaigh, a chaithfear créachtaí na staire a leigheas agus athmhuintearas a dhéanamh idir an dá náisiún trí mheán an spóirt.